Search icon

Gaeilge

27th Nov 2021

Is comhartha é tvuít Ryanair faoi “comharthaíocht suáilce” don dearcadh atá ag an tír faoin teanga

Hugh Carr

ryanair virtue signalling gaeilge

Seo an stop deireanach do paisnéirí…

Tá leagan Béarla den alt seo ar fáil anseo.

Ag fás suas sa Ghaeltacht, bhí mé ag éisteacht agus ag labhairt na Gaeilge go nádúrtha achan lá.

Mar sin ní raibh sé ait agam mar theanga.

Agus mé ag fás suas, áfach, d’fhoghlaim mé gur cheart dúinn a bheith bródúil as an teanga, scéal do theanga nach raibh mórán seans aige.

An teanga scríofa is sine sa domhan, a raibh in ann mairstint fríd cogaidh, coilíniú, atá beo bríomhar sa cheantar i gcónaí.

Nach maith dúinn é.

Tá sé fíor le rá nach bhfuil an teanga chomh huilechuimsitheach is a bhí sí 800 bliain ó shin, ach tá sé soiléir le feiceáil go bhfuil athrú ollmhór taghta ar dearcadh an teanga í féin.

Mura bhfuil tú ag iarraidh jóc olc a insint, i ndáiríre.

Ar dtús báire, beidh mé ionraice – ní théim go leathanaigh Ryanair maidir le tuairimí féiniúlacht náisiúnta nó grinn cliste.

Ach is rud amháin é ag léamh trácht TikTok ó @user83912940 ag insint jóc as Gaeilge atá díreach cosúil le muintir “Mamaí Éireannach / Spúnóg Adhmaid / Cé a Thiontaigh As An Tumthéiteoir”.

Is rud go hiomlán difriúil é comhlacht mór Éireannach ar nós Ryanair le magadh a dhéanamh ar an teanga, agus chomh maith le sin, a rá níl ann ach “comharthaíocht suáilce” an tacaíocht.

Tá sé oifigiúil – tá Ryanair ró-faiseanta don teanga.

Níor éirigh leis sa dóigh is a cheap siad, dar liom. Tá na céadta freagraí ó dhaoine le taispeáint go bhfuil siad tinn tuirseach de na cleasanna céanna an t-am ar fad.

Ní amharcann sé go bhfuil brón ar an bhranda faoin teachtaireacht. I ndáiríre, tá siad bródúil as an teachtaireacht, iad féin mar Roy Keane in éadan Mick McCarthy, na Gaeilgeoirí.

Idir “an bhfuil cead agam dul go dtí an leithreas?” agus tagairt ar an Chorn Dhomhanda 2002, tá sé soiléir le feiceáil go bhfuil siad ar barr giúmar na hÉireannaigh.

Tá dearcadh ag fás thar na meáin shóisialta gur teanga an éilít í an Ghaeilge, Gaeilgeoirí ar fud fad na tíre ag magadh ar na Béarlóirí bocht ag suí i seomraí ranga salach, súile oscailte ar nós “A Clockwork Orange” ag amharc ar Brendan Gleeson ag tachtaí ar cáca.

Mar chuid de seo, ceapann siad nach bhfuil aon suim ag Éireannaigh sa teanga; níl orthu ach a bheith feicthe ag tabhairt tacaíocht don teanga.

Dar leo, beidh Gaeilgeoirí ag screadach agus ag buarthaí go dtí go dtagann rogha beag don Ghaeilge ar suíomh idirlíon, agus ní úsáidtear é ar scor ar bith.

An inseoidh mé rún duit?

Seo an fhírinne iomlán;

Níl ach fáth amháin gur mhaith le Gaeilgeoirí an teanga a fheiceáil.

Tá sé mar gheall go labhraíonn siad Gaeilge.

Níl clár rúnda ar bith, níl cliú agus cáil le baint amach, agus cinnte níl airgead ar bith i gceist leis.

Níl ann ach go bhfuil daoine ag iarraidh a teanga féin a úsáid.

Níl ort ach amharc ar an Tuaisceart chun feiceáil cé chomh deacair is atá sé tacaíocht a fháil do theanga aithne na stáit.

Níl aon dul chun cinn tagtha ar an Acht Teanga chun cearta cosanta a thabhairt don Ghaeilge. Ní raibh Westminster fiú in ann an fhadhb a réitiú.

Tá sé ag an bpointe anois go bhfuil Conradh na Gaeilge chun dul chun cúirte le rialtas NI maidir leis an acht.

Nach ndéanann sé ciall cén fáth go bhfuil Gaeilgeoirí chomh paiseanta faoin teanga?

Achan cúpla bliain, déanann branda praiseach ollmhór maidir le tacaíocht a thabhairt don teanga.

Beidh córas curtha in áit, ag athrú ainmneacha daoine go dtí uimhreacha agus comharthaí, mar ní ghlacann sé ach á amháin chun an suíomh a bhriseadh.

Bhí rud amháin i gcothram leis na heachtraí seo; tharlaigh siad mar gheall ar dímheas neamhbheartaithe.

Níor ghlac sé ach tvuít mhíchompordach amháin as 3 chun fearg na Gaeilgeoirí a mhealladh chuig an leathanach.

Maidir le Ryanair, is é seo an chéad uair go bhfuil dímheas beartaithe déanta ar an teanga; níl aon dóigh eile chun an teachtaireacht “comharthaíocht suáilce” a léamh.

Níl sé cliste; níl sé greannmhar. Níl ann ach dímheas.

Agus tá muid tinn tuirseach leis.