D’fhógair an Rialtas go mbeidh reifreann ann ar chomhionannas inscne níos déanaí i 2023.
Tá moltaí le haghaidh leasuithe bunreachtúla le foilsiú faoi dheireadh mhí an Mheithimh agus tá reifreann le bheith ar siúl i mí na Samhna.
Leanann sé seo na moltaí a rinne Tionól na Saoránach ar Chomhionannas Inscne dhá bhliain ó shin.
Molann sé go scriosfaí agus go gcuirfí leasuithe ar Airteagail 40 agus 41 den Bhunreacht lena n-áirítear an tagairt "mná sa bhaile".
Moladh freisin gur cheart don Bhunreacht tagairt a dhéanamh do chomhionannas inscne agus do neamh-idirdhealú.
Cruthaíodh Coiste Oireachtais Speisialta d’fhonn na moltaí seo a mheas, agus a chuid oibre á thabhairt i gcrích i mí na Nollag.
Tar éis an reifrinn a fhógairt, dúirt an Rialtas go mbunóidh sé grúpa idir-rannach an mhí seo anois a aontóidh ar na moltaí.
Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go ndearnadh leatrom ar mhná agus ar chailíní sa bhaile agus san ionad oibre le rófhada agus go dtacaíonn sé leis na pleananna maidir le comhionannas inscne.
KNEECAP have made quite the statement. It’s rare for any album to win five-star reviews across the board, let alone a debut album. That, however, is exactly what Belfast hip-hop group KNEECAP have achieved with the swash-buckling concept record ‘Fine Art’ With perfect scores from the likes of the Irish Times, Hot Press and Golden […]
The Belfast rap trio performed their new track on the popular late night talk show. Irish language was the talking point on US television last night as Mo Chara, Moglai Bap and DJ Provai made their American television debut with a performance of new single ‘Sick In The Head’ on The Tonight Show with Jimmy […]
Tá leagan Béarla den alt seo ar fáil anseo. “Níor labhair aon duine liom faoi.” Tá ráflaí diúltaithe ag Baz Ashmawy go mbeidh sé ina chomhláithreoir nua ar The Late Late Late Show le Lucy Kennedy. Fágfaidh Ryan Tubridy an seó i mí na Bealtaine agus níor cheapadh aon duine ina áit go fóill. Mar […]