
Gaeilge
Share
Published 16:13 27 Feb 2023 GMT
Updated 16:15 27 Feb 2023 GMT

Faoi threoir an Mhúinteora Niall Ó Sluain agus le cúnamh mhuintir na háite, tumfaidh an cúigear scoláirí iad féin i dtaithí an choláiste samhraidh.
Leanfaidh na scoláirí clár ama an choláiste gach lá - ranganna ar maidin le Múinteoir Niall agus Múinteoir Méabh agus beidh siad gnóthach sa tráthnóna le gníomhaíochtaí traidisiúnta an choláiste - amhránaíocht, damhsa agus cadhcáil fiú chomh maith.
Ag deireadh na seachtaine beidh gach scoláire ag fáil faoi réir don scrúdú béil chun an feabhas atá tagtha ar a gcuid Gaeilge a fháil amach.
Idir ranganna gramadaí agus rólimirt, rachaidh na scoláirí i ngleic leis an saol sa choláiste Gaeilge agus rachaidh siad i dtaithí ar bheith ag roinnt seomra, ar bheith ag ithe béilí ag amanna ar leith agus ar bheith ag leanúint rialacha an tí. An
Le cúnamh ón Múinteoir Ceoil Hugh agus ón ealaíontóir áitiúil Morag, díreoidh na scoláirí ar an gceolchoirm ag deireadh na seachtaine.
Bí ag féachaint ar an tsraith nua de Réaltaí na Gaeltachta Dé Máirt an 28 Feabhra ag 7.00pm ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player.Explore more on these topics: