
News
Rointear na híomhanna ar Twitter, le nasc chuig an leathnach OpenSea.
D'fhan na híomhanna ar an suíomh ar feadh timpeall 5 uair, go dtí gur tvuíteáil an ealaíntóir, Louise "Selkies" Ní Chuillin nár thug sí cead ar bith don cainéal a chuid íomhanna a sheoladh ar an blocshlabhra.
https://twitter.com/Selkies__/status/1488576279016312841?s=20&t=bed3gRJMYWf0rnhH_zcm3g
"Bhí an dearadh seo mínithe domsa mar scigmhagadh ar NFTs, Bored Apes is a leithéid, rud a bhíos lán sásta faoi toisc go gceapaim fhéin go bhfuil NFTs agus crypto focain lofa," a dúirt sí.
"Níor thug mé aon chead, agus níor dúradh liom riamh go raibh sé ar intinn ag éinne, ACTUAL NFT a chruthú."
Baintear an tvuít as cuntas BLOC, ach tá na dearaithe go fóill le feiceáil ar cuntas Instagram an fochuideachta.
Chuir BLOC ceist ar daoine a bhí ag tabhairt amach faoi an NFT da raibh suim acu ábhar a chrúthú faoi an conspóid bainte leis an teicneolaíocht.
I ráiteás chuig JOE, dúirt TG4 go raibh BLOC "ag iarraidh aird a tharraingt ar NFTs tríd a n-ardáin shóisialta."
"Cé go bhfuil caint ar NFTs ar líne, is léir go bhfuil go leor den phobal nach bhfuil aon eolas acu futhu.
"'Séard a bhí i gceist anseo ná mír ealaíne a choimisiniú ar stíl NFT a chothódh cainte.
"Ní raibh sé i gceist ariamh an píosa ealaíne a dhíol.
"Cé gur iarradh ar an ealaíontóir píosa ealaíne ar stíl NFT a chruthú, is cosúil go raibh easpa soiléireachta faoi cén áit a bheadh sé á fhoilsiú.
"Bhí teagmháil léi inné nuair a léirigh sí a mí-shástacht faoi, agus baineadh an t-íomhá anuas ón suíomh OpenSea ar an bpointe.
"Tá sé tábhachtach go bhfuil comhrá oscailte ann chun feasacht ar ardú faoi na NFTs agus is léir gur chothaigh sé seo comhrá futhu."
Is píosa sonraíocht í NFT atá díolta nó rointear ar an blocshlabhra. Is féidir aon rud a chuir sa sonraíocht seo, ach de ghnáth, is íomha atá i gceist leis.
Glactar a lán fuinneamh chun an méid seo sonraíocht a chuir ar an blocshlabhra, rud a cruthaítear an iomarca astaíochta chárbóin.
Chuir OpenSea, an suíomh a d'úsáid BLOC chun ná híomhanna a bualadh ar an blocshlabhra, níos mó ná 68.7 milliún cileagram de charbóin isteach san aeráid ó thosaigh sé, 11 milliúin níos mó ná an méid gás ceaptha teasa a bhí déanta ag an tír iomlán d'Éireann i 2020.
Rape Crisis Centre slams Irish comedian for joke about rape
Belfast comedian was speaking about a public rape victim at a comedy “roast” Belfast comedian Vittorio Angelone is facing backlash for making a “joke” about Rebecca Goodwin who is currently going through a sexual assault trial. Goodwin, is an English OnlyFans creator, influencer and mother who has appeared on multiple comedy podcasts due to her […]
News
15h
BBC continues to run rings around Trump in defence of defamation lawsuit
The BBC aren’t letting Trump off the hook. The BBC is continuing to run rings around Donald Trump as the broadcaster defends itself against his defamation lawsuit. Ever since Trump filed his ludicrous $10bn claim against the BBC over the edit of a Panorama documentary, the broadcaster has refused to cow down to the US […]
News
16h
News
Gardai investigating whether Cork murder was linked to drug debt as man arrested
News