Search icon

Gaeilge

20th Feb 2023

Is féidir linn ar fad seo a admháil anois – is teanga “cool” í an Ghaeilge anois

Hugh Carr

Paul Mescal Gaeilge

Cúpla focail ag aon duine?

Tá leagán Béarla don alt seo ar fáil anseo.

Tír gan teanga, tír gan anam.

Seanfhocal a chloistear arís agus arís eile ó laethanta na bunscoile, idir leabhair Bran a léamh agus ag amharc ar dub Spongebob as Gaeilge. Sin mar a cheapadh an teanga, le fada an lá; iarsma ón seomra ranga, cuimhne ar oideachas fadó.

Mhair an teanga, agus tháinig rath uirthi, i bpócaí nideoige ar fud an domhain; idir féilte ceoil mar Féile na Gealaí, Pop Up Gaeltacht, agus spásanna cosúil le Club Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus Áras na nGael i Gaillimh.

Cé go bhfuil cainteoirí Gaeilge ag bualadh sna áiteanna beag seo, is fada ó bhí guth chomh feiceálach ag an teanga sa chultúr príomhshrutha. Is é sin, go dtí gur tháinig “An Cailín Ciúin”.

Tá an scannán, bunaithe ar úrscéal a scríobhadh i mBéarla ar dtús, tar éis tionchar ollmhór a fágáil ar Hollywood, le moltaí ó na hOscars, na BAFTAnna, agus ag féilte ar fud an domhain. Bhris “An Cailín Ciúin” taifid oifige bosca, agus is é ar an scannán Gaeilge is rathúil riamh.
Seo píosa a bhféadfaimis go léir a bheith bródúil aisti. Tá iarmhairtí léirithe cheana féin ag rath an scannáin, mar is í an Ghaeilge anois pointe lárnach an chomhrá agus an scannán agus pictiúrlann na hÉireann ina hiomláine á phlé.

Ní raibh áit ar bith níos soiléire ná seo ar an gcairpéad dearg an deireadh seachtaine seo ag na BAFTAnna, áit ar chualathas Gaeilge ní amháin ó aisteoirí agus ó chriú An Cailín Ciúin, ach réaltaí móra cosúil le Paul Mescal agus Brendan Gleeson. Cé go raibh deacrachtaí beaga ag Paul ag an tús (mar chainteoir as Dún na nGall, tuigim cén fáth), go raibh a chomhrá le TG4 lán le craic.

Bhí comhrá Mescal go mór le feiceáil ar na meáin shóisialta go gasta, agus cé gur léir go raibh imní ar faoina líofacht, bhí níos mó ná go leor aige chun labhairt faoi thionchar “An Cailín Ciúin” agus áit na hÉireann ar stáitse an domhain. Má tá rud ar bith le baint as comhrá Mescal, is fíor go bhfuil an seanfhocal fíor i ndáiríre. Is breá linn, mar náisiún, Gaeilge a chloisteáil á labhairt ar fud an domhain, is cuma cén leibhéal é.

Ní gá go mbeadh sé foirfe; leis an fhírinne a rá, úsáidtear daoine ón nGaeltacht focail Bhéarla go rialta i gcomhrá s’acu (mar a thaispeántar i bhfís dochreidte anuraidh). Agus níl aon náire gan Gaeilge a bheith aige ar chor ar bith, mar a cheap Colin Farrell dó féin agus a cara Brendan Gleeson faoi agallamh ar TG4. Is scéal iomlán eile é an bealach a mhúintear an teanga, ach déarfaidh mé seo; má dhéanann tú rud éigin cúig lá sa tseachtain idir 5 agus 18 mbliana d’aois, agus ní féidir leat é a dhéanamh fós, níl sé sin ortsa; is fadhb shistéamach í sin.

@thenewsmovement We’ve been on the BAFTA red carpet speaking to nominees, and @Clodagh Griffin managed to chat to Colin Farrell. It’s been a big night for The Banshees of Inisherin #bafta #baftas2023 #colinfarrell #bansheesofinisherin #fyp ♬ original sound – The News Movement

Mar sin má tá rud ar bith le foghlaim ó thionchar An Cailín Ciúin, is é sin gur cheart dúinn iarracht a dhéanamh cúpla focal a chur le gach rud a dhéanaimid, toisc gur rud í ár dteanga dhúchais atá againn a nascann linn mar nach féidir le haon rud eile. Tír gan teanga, tír gan anam, y’know?