gaeilge
Share icon

Share

Úrscéal nua a leanann Brooklyn le foilsiú i 2024

Published 16:10 28 Mar 2023 BST

Stephen Porzio
Úrscéal nua a leanann Brooklyn le foilsiú i 2024

Homegaeilge

Tá leagan Béarla den alt seo ar fáil anseo.

Bígí réidh chun caoineadh arís...

Tá leabhar úr scríofa ag an údar cáiliúil Éireannach Colm Tóibín a leanann Brooklyn, úrscéal a bhí aistrithe ina scannán an-rathúil le Saoirse Ronan. Díríonn an scéal ar bhean óg Éireannach, Eilís Lacey a théann ar imirce go Brooklyn go luath sna 1950idí chun oibre. Tar éis di socrú ansin, áfach, filleann sí ar ais go dtí a baile dúchais Inis Córthaidh agus caithfidh sí rogha a dhéanamh idir a saol sna SA agus in Éirinn. Bhuaigh an leabhar Gradam Costa Novel 2009 agus d'éirigh leis an scannán trí ainmniúcháin a bhain amach ag na hOscars. Is é Long Island ainm an leabhar nua, agus leanann sé scéal Eilís 20 bliain tar éis deireadh an chéad leabhar. https://twitter.com/picadorbooks/status/1640639700313550848?s=20

Long Island

Dar le "The Bookseller", is é seo scéal an leabhar nua:
Na 1970idí atá ann, agus tá Lacey ina cónaí lena fear céile Tony Fiorello agus a leanaí ar Long Island. Ach seolann píosa nuachta olc ag tús an úrscéil Eilís ar ais go hÉirinn, chuig domhan a cheap sí a d’fhág sí le fada an lá agus chuig cúrsaí saol, agus grá, a cheap sí a raibh caillte aici.
Beidh an leabhar foilsithe ag Picador in Éirinn i mBealtaine 2024. Dúirt Mary Mount, foilsitheoir le Picador, seo faoin leabhar:
Tá Colm Tóibín ar cheann de na scríbhneoirí is fearr ar domhan agus is úrscéal é Brooklyn a raibh grá ag léitheoirí ar fud an domhain dó. Is rud mór é le carachtair an úrscéil sin a fheiceáil arís agus iad a fheiceáil i slí nua. Is úrscéal é seo a bhfuil athshondas mothúchánach aige agus a bhfuil an-cháilíocht air mar bhuaicphointe de chuid scríbhneoireacht Tóibín.
Ailt ceangailte:

Explore more on these topics:

Úrscéal nua a leanann Brooklyn le foilsiú i 2024